BHÍ ríméad agus bród ar An Ghoirtín Naomh Pádraig agus Mná Bhoth Domhnaigh as an Bonn Airgid a fháil ón Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le déanaí, mar aitheantas ar a ndúthracht agus an obair déanta ar son na Gaeilge sa chlub agus ar fud an cheantair.
Ag cur le haidhmeanna an Fhondúireacht, d’eagraigh an Club imeachtaí mar ranganna oíche, tob-Ghaeltachtaí agus ciorcail comhrá, chomh maith le comharthaíocht nua as Gaeilge a thaispeáint timpeall na páirce.
Dúirt Fearghal Ó’Dálaigh, Cathaoirleach an chlub, “Tá an Club ag déanamh obair den chéad scoth chun próifíl na Gaeilge a ardú agus is aitheantas iontach é an gradam seo. Tá muid ag súil freisin lenár gcuid oibre a fhorbairt le clubanna eile i dTír Eoghain atá suim acu sa chlár seo.”
Dúirt Ciarán Mac Thréinfhir, Oifigeach Teanga agus Cultúr, “Rinne an Club obair na gcapall le cúpla bliain anuas an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar, agus mholfaimis go mór do clubanna eile a chlárú le Glór na nGael agus an Fhondúireacht, a dtabharfaidh an bheirt acu comhairle agus tacaíocht daoibh i rith an chláir”.
Gortin St Patrick’s and Badoney Ladies were delighted to receive the Silver Award from Joe McDonagh Foundation recently, in recognition of their commitment and work on behalf of the Irish language in the club and throughout the community.
Contributing to the Foundation’s aims, the Club organised events such as evening classes, pop-up Gaeltachts and conversation circles, as well as introducing new signage in Irish around the grounds.
Fergal Daly, incoming Chairperson of the club, said: “ The Club is working hard to raise the profile of Irish and this award is a great recognition of our efforts. We are also looking forward to maintaining and developing our work with other clubs in Tyrone who have shown an interest in this programme.”
Ciaran McCreanor, Irish Language Officer, added: “ The Club is making huge strides in advancing Irish throughout the area, and we would urge all Clubs to register with Glór na nGael and the Foundation, who will give advice and support throughout the process.”
Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere
SUBSCRIBE TO CURRENT EDITION TODAY
and get access to our archive editions dating back to 2007(CLICK ON THE TITLE BELOW TO SUBSCRIBE)